Cad a dhéanfaimid feasta gan adhmad? Tá deireadh na gcoillte ar lár Níl trácht ar Chill Chais ná a teaghlach 'S ní chluinfear a cling go brách An áit úd 'na gcónaíodh an dei-bhean Fuair gradam is meidhir thar mnáibh Bhíodh iarlaí ag tarraingt thar toinn ann 'S an t-Aifreann binn dá rá Ní chluinim fuaim lachan ná gé ann Ná iolar ag éamh cois cuain Ná fiú na mbeacha chun saothair Thabharfadh mil agus céir don tslua Níl ceol binn milis na n-éan ann Le hamharc an lae dul uainn Ná an chuaichín i mbarra na gcraobh ann Ó's í chuirfeadh an saol chun suain Tá ceo ag titim ar chraobh ann Ná glanann le greín ná lá Tá smúit ag titim ón spéir ann 'S a cuid uisce go léir ag trá Níl coll, níl cuileann, níl caor ann Ach clocha 'gus maolchlochán Páirc na foraoise gan chraobh ann Is d'imigh an géim chun fáin Anois mar bharr ar gach míghreann Chuaigh prionsa na nGael thar sáil Anonn le hainnir na míne 'Fuair gradam sa Fhrainc 's sa Spáinn Anois tá a chuallacht dá caoineadh D'fhaigheadh airgead buí agus bán 'S í nach dtógfadh seilbh na ndaoine 'S í cara na bhfíorbhochtán Aicim ar Mhuire 's ar Íosa Go dtaga sí arís chughainn slán Go mbeidh rincí fada 'gabháil timpeall Ceol fidil 's tinte cnámh Go dtógfar an baile seo ár sinsear Cill Chais bhreá, arís go hard Is go brách nó go dtiocfaidh and díle Ná feicfear é arís ar lár