Grá lem' anam mo pháistín fionn A bhfuil a croí is a haigne ag gáire liom A cíocha geala mar bláth na gcrann Is a píob mar eala lá Márta Chorus (after each verse): Is tusa mo rún, mo rún, mo rún Is tusa mo rún is mo ghrá geal Is tusa mo rún is mo chumann go buan 'Sé mo chreach gan tú agam ó do mháithrín Cara mo chroí, mo pháistín fionn A bhfuil a dá grua ar lasadh mar bhláth na dtom Tá mise saor ar mo pháistín fionn Ach amháin gur d'ólas a sláinte Dá mbéinnse sa bhaile ina bhfuil súgradh is greann Nó idir dhá bhairille lán de leann Mo stóirín i'm aice is mo lámh faoi'n a ceann Nach súgach a d'ólfainn a sláinte Chaith mé naoí n-oiche ag luí go bocht Sínte faoí dhíleann idir dhá thor A chumann mo chroí, is mé ag smaoineamh ort Is ná faighinnse le fead ná le glaoch thu Tréigfead mo mhuintir is mo cháirde gaoil Tréigfead a mhaireann de mhnáibh an tsaoil Ach ní thréigfead lem' mharthain thu, a stór mo chroí Go síntear i gcómhra faoí chlár mé 1