Agus bhí me oíche shaoire i dTír an Fhia is me ag teacht ó cheol Chruinnigh an ceo i mo thimpeall is níor leir dom aon sórt Thabharfainn lán a' Bhíobla gur turnóg a bhí ar an gcaolach Leis an deatach a bhí os mo chionnsa ag píopa Ainde Mhóir Ó is mo bheannacht le gaoth a't síos a Ainde Mhóir Do mhac go dtige in inmhe is lao go raibh ag do bhó Mar is tusa a rinne an píopa ba fairsinge a bhí sa tír seo Is ní chaithfear ráithe an gheimhridh go ndéanfaidh mé duit spórt Agus siúd í an bhean a líon é is ní le tuí é ná le móin Chuir sí naoi bpunt síos ann 'gus píosa den duilleog Cailleachaí na tíre agus chruinndís ina thimpeall Agus gheobhadh ar fad fuílleach i bpíopa Ainde Mhóir Is ag gabháil go hInis Ní dúinn le lucht caorach agus bó Maidin gharbh gheimhridh is é gaofarach go leor 'Gabháil trí Thóin Uí Fhlionn dúinn sé thosaigh an bád ag líonadh Is nárbh ait an galún taosctha 'rinne píopa ainde Mhóir? Is bhí mé amuigh ar aonach is i gCill Bhríde is mé ag óg Bhí comhluadar deas i mo thimpeall is riar mhaith ag ceol Bhí beirt isteach as Luimneach ann 'gus an stil mhór acu líonta Séard a d'fhiafraigh seanbhean aosta "B'in é píopa Ainde Mhóir?"