Kila

Cé tu féin?

Kila


Cé tú féin 
A strainséar chaoin 
Cé tú féin 
An lách no dian 
Do bhuille thréan 
Cé tú féin 
Ar tháinig tú ó 
I bhfad gcéin 
Aniar aduaidh 
Anoir aneas 
Ar tháinig tú ó fuacht nó teas 
Cé tú féin 

Tar isteach 
A strainséar righin 
Tar isteach 
Suí chun boird 
Ó l braon di 
Nó lig do scíth 
'S inis dúinn 
An fáth go bhfuil 
Do aghaidh chiúin 
Uaigneach dorcha 
An fáth go bhfuil 
Do shúile 
Lán le cuamha 

Cé tú féin? 
'S im' chuisle 
I gcuideachta 
Ó rga 's draíochta 
Im' lorg 
I leabaidh 
I leabhar mór gach míosa 
Ní thagaim 
Níor tháinig mé riamh 
Ar an ní a bhí uaim 

'S I ngleannta 
I gcoillte 
Le scaipeadh na síolta 
Mé thuas seal 
'S thíos seal 
Le suaitheadh gach oíche 
Ní bhraithim 
Níor bhraith mé riamh 
An ní a bhí uaim 
'Slán agat 
A strainséar chaoin ro 

Slán agat 
'S guíom gach rath 
'S sonas ort 
Amach anseo 
'S beidh fáilte romhat riamh im chroí 
Cé uaigneach 
Cé sonasach 
Cé meangadh mór na gréine 
Ar do aghaidh