Karan Casey

Bata Is Bóthar

Karan Casey


Ó chaitheas-sa seal i measc na bponcán 	        
Ag codailt amuigh fé chrann mo dhóchais 	
Ag réabadh fallaí a thóg m'athair romham 	
Idir é is an doicheall i bhfuinneog a súl 	

Chorus:
'Sea thugadar go fial dúinn a raibh acu le tabhairt 	
Bata is bóthar is fonn abhaile 	
'Sea téir abhaile go h-ifreann 	
Is fan sa bhaile in Éirinn 	

Is chuas ina dhiaidh sin go Londain groí 	
Mo dhá láimh liom is mé liom féin 
Dá mbeinnse céad bliain ag doras Sheáin Bhuí 	
Ní bhfaighinn bheith istigh i ngar dá chroí 	

(Chorus)

Is bhíos ag a' deireadh i ndeireadh an domhain 	
Ag luí béal faoi i bpoll an uaignis 	
Ag scríobadh na cré i dtrínse ró mhór 	
A bhí chomh cúng le huaigh mo linbh 	

(Chorus)

Is bhíos-sa lá i dtír na ndall 	
Ag iarraidh dídean ó racht na farraige 	
Ní bhfuaireas-sa ann ach airgead ag méileach 	
Is fliuchadh mo bhéil de mo dheora féin 	

'Sea thugadar go fial dúinn a raibh acu le tabhairt 	
Bata is bóthar is fonn abhaile 	
'Sea téir abhaile go h-ifreann 	
Is fan sa bhaile as Éirinn...