Idir aird mhór is eochaill sa ród seal do bhíos Ar chóngar na taoide is í ag tráchaint Sea do dhearcas an ógbhean go mómharach binn 'S a cuacha léI cíortha go básta Is cailín ó eochaill í, is eolach dom í Is tá sí gan pósadh go dpósfadsa í Tá coróin geal I'm phóca 'gus ólfaimíd í Agus fágfaimíd siúd mar atá mé Do thugas grá chléibh' duit, a spéirbhean, ar dtúis Nuair a leagas mo shúil ar do bhánchnis Is go mbfhearr liom ná mórchuid den ór atá agat Go mbeifeá sa chúinne ag mo mháithrín Bheadh do bhabaí breá bó agat tráthnóna le crú Is do leaba breá cóirithe go ló duit sa rúm Chuirfinn búclaí I'd bhróga luach coróineach is púnt Is, a stóirín, ná tabharfá do lámh dom? Ní thabharfainn mo lámh duit go brách le haon fhonn Go gcuirfead scéala ar dtúis chun mo mháithrín Mar fuair sí do thuairisc go suarach ar dtúis Gur minic do chúrsa go dtí an tábhairne Nárbh aon ní leat ól ó'n choróin go dtí'n punt Ag caitheamh do stóir ar mhná óga is ar lionn Tar éis díol as fear cheoil ní bheidh feoirling I'd phúitse Is a stróille, cé thabharfadh bean bhreá dhuit? Ná creidse na scéalta, na bréaga atá ar siúl Is annamh mo thuras go tigh tábhairne Tá airgead I'm phóca is mórchuid I'm thrúnc Níor ólas riamh punt ar aon láthair Bheadh a mhalairt de ghnó againn sa bhfómhar atá chughainn 'Baint garraithe prátaí is ag cur stácaí ar a mbonn Is mo mhacha bheith lán de bha bána is dubha Gan aoinne chun iad a chrú ach mo mháithrín