Chuaigh mé isteach i dteach aréir Is d'iarr mé cairde ar mhnaoi an leanna. Is é dúirt sí liom "ní bhfaighidh tú deor. Buail an bóthar is gabh abhaile." Refrão: Níl sé ina lá, níl a ghrá, Níl sé ina lá is ní bheidh go maidin, Níl sé ina lá is ní bheidh go fóill, Solas ard atá sa ghealaigh. Chuir mé féin mo lámh i mo phóca Is d'iarr mé briseadh scillinge uirthi. Is é dúirt sí liom "suigh síos ag bord Is bí ag ól anseo go maidin." Refrão "éirigh i do shuí, a fhear an tí, Cuir ort do bhrístí is do hata Go gcoinne tú ceol leis an duine cóir A bheas ag ól anseo go maidin." Refrão Nach mise féin an fear gan chéill A d'fhág mo chíos in mo scornaigh? D'fhág mé léan orm féin Is d'fhág mé séan ar dhaoine eile.