Ó bhí mé oíche taobh istigh Fhéil' Bhride A' faire thíos ar a Mhullach Mhór Agus tharlaidh an naoi díom a dtug mé gnaoi dí Mar bhí sí caoghmhaoil, lách, álainn óg Sí go cinnte a mhearaigh m'intinn Agus liach na bhFiann ó, ní leigheasfadh mé Agus tá mo chroí istigh 'na mhíle píosaí Mura bhfaighim cead síneadh lena brollach glé'il A chailín donn deas a chuaigh i gcontúirt Orú, druid anall liom agus tabhair domh póg Agus dá mbíodh mo mhuintir uilig i bhfeirg liom Nár chuma liomsa a mhíle stór A mhíle grá tá cách a rá liom Gur don ghrá ort a gheobhaidh mé bás Agus níl lá margaidh a mbíodh sna Gearaltaigh Ná bhfaigheann cúlfathmhuinneach agus mise ag ól Is fada 'n lá breá ó thug mé grá duit Agus mé 'mo pháiste bheag óg gan chéill 'S gura leatsa shiúlfainnse cnoic 's gleanntáinn 'S go Baile 'n Teampaill dá mbíodh sé romham Ach anois ó tá mise curtha cráite 'S gur lig mé páirt mhór de mo rún le gaoth A Rí tá i bParrthgas ó déan domh fárus I ngleanntáin áilne lena taobh